Bí
id bhall den Chogadh Aicmeach !
Séard
atá i gCónascadh an Chogaidh Aicmí ná
grúpaí agus daoine aonair a tháinig le
chéile chun ár
sochaí a athrú, ar mhaithe leis an lucht oibre.
Tá an sochaí seo roinnte ina n-aicmí,
bunaithe ar chóras cumhachta agus saibhris. An Lucht
Ceannais -iad siúd gur "leo" na monarchain
nó na hacmhainní nádúrtha - (trí
scaireanna nó bheith ina gcathaoirleach ar an mbord
stiúrtha) a fhaigheann tacaíocht ón meán-aicme
sa ghnáth-bhealach - iad siúd a bhfuil áit
acu sa sochaí trí phatrúntacht an
Lucht Ceannais - a dhéanann an obair shalach ag smachtú
agus ag cur an lucht oibre ( a dhéanann an obair riachtanach)
trína chéile. 'Sé a leithéid de
shochaí an phríomh-chúis le fadhbanna
an lucht oibre ar fud an domhain, agus os rud é go
bhfuil sé i gceist ag an lucht ceannais a gcuid pribhléidí
a choinneáil, caithfear fáil réidh leo
- sin Cogadh Aicmeach.
Ní thagann fíor-athrú ach tríd
an lucht oibre á n-eagrú féin chun plé
lena bhfadhbanna agus chun réiteach a fháil
dóibh fhéin. Ní bhaineann sé le
cúinsí níos fearr a fháil mar
sclábhaithe, ach máistreachta fháil ar
ár gcinniúint. Tá gníomh
díreach riachtanach in aghaidh na daoine aonair agus
na forais a sheasann sa mbealach ar seo. Níl aon dul
as. Tá an foréigean riachtanach mar chuid den
Chogadh Aicmeach - ach ní hiad threallchogaithe scoite
amach ón bpobal atá i gceist, ach mar chuid
den aicme iomlán, thosaigh siadsan é, críochnóidh
muide é.
Tagann dochar eile ón sochaí aicmeach, bunaithe
ar chlaontuairimí an lucht ceannais nó an meán-aicme,
cosúil le deighilt ar bhonn inscne, chinníochais,
ghnéis, míchumais. Is minic a úsáideann
an lucht ceannais iad seo chun ár sochaí a scoilt.
Caithfidh muid theacht le chéile ar bhonn chomóntaár
riachtanais mar Lucht Oibre.
Caithfidh an Aicme cur in aghaidh an scoilteadh seo ar gach
taobh. Thar aon rud eile, creideann an CCAnach féidir
an pholaitíocht a scaradh ón saol - ná
an saol ón bpolaitíocht. Diúltaíonn
muid den Chlé "réabhlóideach"
ceartchreidmheach/misinéirí. Caithfidh ár
bpolaitíocht a bheith bainteach le agus ag comhlíonadh
ár saol laethúil.
Caithfidh an Lucht Oibre freagracht a ghlacadh dá bpolaitíocht
forásach réabhlóideach - tá radaicí
an mheán aicme, nach féidir brath, orthu ag
cur isteach ar ghluaiseacht an Lucht Oibre ó thús
ama.
Ár nAidhm
Dá bhrí sin is é aidhm an CCA ná
cumas troda agus féin-eolas an Lucht Libre a mhéadú,
chun a leas a chosaint agus a gcuid fadhbanna a réiteach.
Déanann muid seo trí bholscaireacht, páirt
a ghlacadh go gníomhach agus plé a dhéanamh
mar chomhleacaithe.
Bí id bhall den Chogadh Aicmeach !